Ainm: | Maggie Nic Pháidín | |
Áit Chónaithe: | An Cheathrú Cheanainn |
Áit Dúchais: | Inis Bó Finne |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Spailpíní |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhág Maggie an t-oileán go hóg agus chuaigh sí go dtí an Raibeal i Leitir Ceanainn lena máthair ag 16 bliana d’aois. D’fhan siad i nGort a Choirce an oíche roimh ré agus chuaigh siad amach ar an bhus. Mar a bhítí pioctha ansin ag an raibeal. Rinneadh conradh lena máthair. Ní raibh mórán pa aici ach bhí go leor oibre le déanamh aici. Ní raibh cumhaidh uirthi mar shíl sí gur áit iontach a bhí ann cé go raibh an obair crua. Bhí a hathair dall agus bhí ar Mháiréad agus a máthair an obair a dhéanamh leis an teaghlach a thógáil. | 00:03:26 | |
Chaith sí ó Bhealtaine go Samhain ar an Lagán an chéad uair agus ina dhiaidh sin rinne sí 13 seachtaine ann. Chaitheadh sí teacht na bhaile corr uair le cuidiú sa bhaile. Théadh sí an Aifrinn gach Domhnach. Bhí na daoine a bhí sí af fhostach acu iontach maith di. | 00:02:34 | |